Ainm: | Nóra Joe Nic Giolla Bhríde | |
Áit Chónaithe: | Machaire Chlochair, Doirí Beaga |
Áit Dúchais: | Oileán Ghabhla |
Catagóir: | Taisteal agus Gnó |
Fochatagóir: | Scaipeadh Nuachta agus Eolais |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ní raibh leictreachas ná uisce ar bith ar an oileán ach bhí gás agus léir tobair fíoruisce acu. Bhí go leor uisce acu fa choinne eallaigh agus níochán agus mar sin. Ag deireadh na 50aí, bhi deontas de shórt éigin a thug gás agus gléas cócaireachta do dhaoine an oileáin. Ní raibh solas iontach maith leis an ghás. Bhíodh siad ag cniotáil agus a dhíol agus ní raibh solas iontach maith acu. Fuair siad lampaí tilly ansin agus bhí solas ar dóigh orthu sin. Tá ceann aici go fóill. Bhíodh mantles á n-úsáid orthusan. Ag obair le hola a bhí siad.
Ní raibh mórán raidió ar an oileán ach bhí cúpl aduine dall ar an oileán agus fauir siadsan raidió ón rialtas. Bhí raidió i dtigh Nóra mar ba múinteoir scoile a deartháír agus bhíodh muintir an bhaile cruinnithe ag éistecht leis ach ní thiocfadh leo é a bheith ag dul rómhall acu.
Bhíodh dúil aici sa cheol agus bhíodh siad ag dul ag na damhsaí cúpla uair sa bhliain. Ní raibh ceol ar bith aici féin. | 00:06:00 | |